www.duchasnasionna.eu
                  Logainmneacha 


Sular déanadh paróiste fé leith de Bhaile na Sionna ba chuid de Pharóiste Chora Chaitlín a bhí ann. Seacht bparóiste ársa pobail a bhí curtha le chéile i bParóiste Chora Chaitlín agus chlúdaigh sé timpeall ar an dúiche a bhí i seilbh clann De Clare Bhun Raite sa 13ú Aois, cuid de Bharúntacht Bhun Raite, Íochtair nó Déantacht Tradraighe. Clúdaíonn sin go léir ionann is paróiste Chora Chaitlín an lae inniu.

Shannon Airport Buildings, Ballyhennessy

Bunaíodh teorainneacha an sean pharóiste seo ag Sionaid Rathbhreasail (Co. Thiobrad Árann) i 1111. Tugadh an Sionad le chéile chun an Eaglais Ghaelach a leasú agus ag an am sin a tosaíodh ar pharóiste a úsáid mar bhonn d'eagraíocht eaglaise. Ag an Sionad chuir Gilbert Easpag Luimnigh plean chun tosaigh chun atheagrú a dhéanamh ar an eaglais ar bhonn deoise agus paróiste. Bhí an leagan amach seo fós ann nuair a tháinig na Normannaigh i 1169. Na teorainneachta ar a raibh na paróistí bunaithe, caithfidh go raibh siad ann san am.

Thárla cruthú agus teorannú na sean pharóistí seo ar roinnt slíte.

(i) Ó thalamh eaglaise

(ii) Ó estáit na dteaghlach.

(iii) Ó bhailte fearann nó estáit Gaelach a fho-roinnt nó a chur isteach le mainéir Normannach.

(iv) timpeall ar shéipéil a bhí bunaithe ag an bpobal.

Mar sin tosaíodh ar pharóistí a chruthú sa 12ú Aois, bunaithe ar theorainneacha Gaelach talaimh.

Slí na Mara, Tullyvarraga, Drumline, Bunratty Lower, Murphy's Cottage is located on the top left hand side of the boreen, 1839

Sa 12ú Aois bhí logainmneacha faoi leith curtha cheana ar a lán áiteanna, a tháinig ó theaghlaigh nó ó ghnéithe den tírdhreach. Ghlac daoine sloinnte comh maith ag úsáid ainm athar (Mac) nó seanathar (Ó).

Bhí gnéithe sa tírdhreach a léirigh do lucht cónaí an cheantair seo sa 12ú Aois go raibh cónaí agus seilbh ann le mílte bliain roimhe sin. Cromleaca agus dúnta cnoic (Múchán agus Cnocadúin). Ach b'iad na rathanna a ba choitianta cé nach raibh an mhórchuid acu in úsáid ag an am, ach tá fianaise go raibh cuid acu in úsáid sa cheantar seo suas go dtín 17ú Aois.

Tá Baile na Sionna agus an tAerfort go hiomlán taobh istigh de na paróistí ársa Cill Chonaire, Cluain Lócháin agus Droim Laigheain. Tá ainmneacha na mbailte fearann ins na paróistí seo ar aithne ag gach duine ina gcónaí i Sionna ag an am seo, Rinn Eanach, Droim Gaibhle, Tulaí bhFarraige, Baile Ceasaigh Mór agus Baile na nGabhann.

An mhórchuid de logainmneacha na Sionna tá siad gan athrú leis na céadta bliain m.s. i ngníomhas morgáiste a shínigh Tomás Mac Fhlanncha le dáta 25ú de Mhí na Samhna 1251, tá tagairt do bhaile fearann Tulaí bhFarraige. Fágann sin go dtéann ainm an bhaile fearann siar comh fada sin ar a laghad.

Tradaree c. 1610

Tá baill Dúchas na Sionna ag obair faoi láthair ar thionscnamh chun sonrú agus foilsiú a dhéanamh ar chiall na logainmneacha áitiúil. I roinnt cásanna tá tuairimí éagsúla faoin chiall atá leo. Is rud coitianta é seo mar gheall ar nádúir na bpríomhainmneacha Gaeilge agus an fhoirm Ghallda a cuireadh ortha. Is mar gheall ar seo nach bhfuil na míniúcháin comh héasca is a cheapfá ar dtús.

Chun ár liosta de logainmneacha in ár gceantar a fheiceáil Cliceáil anseo. Is féidir léarscáil Suirbhé Ordanáis (1842) de na bailte fearann seo go léir a fheiceáil ar an suíomh gréasáin. Tabharfar míniú na logainmneacha sa liosta seo ar ball.